A chairde,
‘Sé bhur mbeatha! Fáilte ar ais chuig Trácht ar Thráchtais/ Thesis Talk. Is blag é seo atá dírithe ar thaighdeoirí dochtúireachta agus ar thaighdeoirí iardhochtúireachta. I dtús báire, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis an Dochtúir Eilís Ní Dhúill a thug cuireadh do choiste EDEN (OÉG) an suíomh seo a athbhunú agus a athsheoladh. Chuir Eilís tús leis an bhlag seo i mí Mheáin an Fhómhair, 2011, agus í díreach tosaithe ar a haistear féin leis an chéim dhoctúireachta. Tá a cuid scríbhinní féin agus na píosaí a scríobh taighdeoirí eile fós le feiceáil ar an tsuíomh seo agus molann muid go mór daoibh súil a chaitheamh ar an ábhar sin.
Spás measartha neamhfhoirmeálta atá in Trácht ar Thráchtais/ Thesis Talk ina dhéantar cur agus cúiteamh ar chuile ghné de shaol an taighdeora acadúil (go pointe!). Seans go mbeadh fonn ar dhaoine, mar shampla, píosa a scríobh ar a n-ábhar taighde féin, ar chúrsaí clainne agus an PhD, ar thaighde a thoiseacht i dtír eile, ar an fhoilsitheoireacht acadúil, ar chomhdhálacha, ar chúrsaí sláinte agus meabhairshláinte nó ar ócáidí suimiúla faoi leith agus araile.
Tá sé d’ádh orainn go bhfuil pobal bríomhar taighdeoirí againn anseo in OÉG. Mar sin féin, is cinnte go dtig le saol an taighdeora a bheith measartha uaigneach anois agus arís go fiú agus cúpla scór duine suite in aon oifig thart timpeall ort. Is deis atá sa bhlag seo, tá súil againn, le do thaithí féin a chur chun pinn agus léargas a fháil ar an taithí a bhíonn ag daoine eile atá ag tabhairt faoin aistear chéanna.
Tá súil againn go dtabharfaidh na topaicí éagsúla a bheas mar ábhar caibidle ar an tsuíomh seo spreagadh agus lón machnaimh do thaighdeoirí atá lonnaithe anseo in OÉG agus, go deimhin, in ollscoileanna eile in Éirinn nó thar lear. Bheadh an-suim go deo againn ábhar agus léargas a fháil ó dhaoine atá lonnaithe in ollscoileanna eile!
Ag trácht ar an scríbhneoireacht féin, seans gur thug sibh faoi deara ag an phointe seo gur suíomh dátheangach is ea Trácht ar Thráchtais/ Thesis Talk. Ní chiallaíonn sé seo go mbeidh aistriúchán ar bun againn ó theanga amháin go teanga eile! Ciallaíonn sé go bhfoilseofar ábhar i nGaeilge nó i mBéarla ag brath ar rogha agus ar stíl an scríbhneora féin.
Ó thaobh cúrsaí stíle de, tig leis an scríbhneoir féin cloí leis an stíl is fearr a oireann daofa féin. Tig d’ainm féin nó ainm cleite a úsáid, nó leoga, gan ainm ar bith a lua le do scríbhinn. Amharc ar an‘Stíl Tí’ le tuilleadh eolais a fháil faoi seo. Seans go gcuirfeadh coiste EDEN comhairle ginearálta ar scríbhneoirí anseo is ansiúd maidir leis an fhormáidiú nó an leagan amach ginearálta; is é sin le rá nach ndéanfar piarmheasúnú ar na póstalacha. Is comhrá atá sa bhlag.
Coinnígí súil amach ar Trácht ar Thráchtais mar sin de sna míonna atá romhainn. Beidh cúpla píosa againn ó scríbhneoirí éagsúla an seimeastar seo agus déanfaidh muid ceann amháin a fhoilsiú in aghaidh na míosa. Bíonn muid ar lorg scríbhneoirí i rith ama. Thiocfaí go mbeadh topaicí faoi leith á gcuartú anois agus arís againn fosta.
Má tá suim agat ábhar a scríobh don bhlag, nó má theastaíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chugainn ag: eden.nuigalway@gmail.com.
Tá súil againn go mbainfidh sibh sult agus tairbhe as an bhlag!
Coiste EDEN, OÉG
Hello. This is the relaunch of the Thesis Talk / Trácht ar Tráchtais blog. This blog is a place for PhD students to share their experiences on work, life, and everything in between, in a relatively informal manner. Some of the subjects discussed here will include balancing a PhD project with other work, and with family, publishing, mental and physical health, travelling to do a PhD, starting a project, finishing and submitting, and many other things. We want you, the readers, to find moments of shared experience in these blog posts, and also to see perspectives on experiences that you may not personally have had. The site is bilingual – we publish in both Irish and English, and welcome submissions in either language.
The first version of the blog was started by Eilís Ní Dhúill, and featured a range of contributors from the PhD cohort. It has now been passed into the hands of EDEN, and we hope to do it justice. All the blog posts from the website’s previous iteration remain available here.
We will give some editorial guidance on style and formatting, but the subject matter and tone is largely up to contributors. Although we may from time to time send out prompts or ask people to write something specific, we absolutely ask for submissions on spec – this is your arena, we want your ideas, so please get in touch with us. Comments and questions are also welcome. You can reach us via email at: eden.nuigalway@gmail.com. We have some blogs lined up already as we continue the semester, and we are seeking more submissions.
It’s good to keep talking to each other, it makes this whole PhD thing slightly easier. This is sort of a forum for conversations. Whether they begin in a blog post and continue in the comments section, or whether a blog is a continuation of a point raised in a coffee break on the couches by the water cooler, they are all good.
So, yes, please have a read, have a think, maybe a laugh, and enjoy. Chat soon.