Tá sé tamaill ó chaith mé súil ar an leathanach seo agus níos faide go fóill ó scríobh mé aon rud fiúntach. Ach, iarradh orm ar maidin cúpla focal a rá mar gheall ar an mblag agus an fáth ar shocraigh mé ar pháirt a ghlacadh ann an chéad lá riamh. Cuir sé sin ag smaoineamh mé agus an chéad rud a rinne mé, mar a dhéanaim go minic na laethanta seo nuair a bhíonn in amhras céard le déanamh, chuaigh mé caoldíreach go dtí Thesiswhisperer. An chéad rud a tharraing mo shúil nó an t-alt “Sink or swim” a foilsíodh ar an mblag sin le déanaí.
http://thesiswhisperer.com/2015/04/15/sink-or-swim/
Ó tharla go bhfuilim féin ag snámh anois le roinnt seachtaine bhraithim go bhfuil an t-alt seo an-tráthúil ar fad. Cuirtear próiseas an PhD i gcomparáid le bheith ag foghlaim/cleachtadh snáimh. Aontaím le húdair an bhlaga go bhfuil an dá phróiseas an-chosúil lena chéile. Tar éis babhta fada snámh a dhéanamh ar maidin, is é an rud is mó a chuaigh i gcion orm faoin mblag ná an chomhairle a thugtar i dtaobh an fhad a chaitheann tú ag snámh/scríobh in aon bhabhta amháin. Meabhraítear ann an tábhacht atá le héirí as aon bhabhta ar leith sula mbíonn tú tugtha ar fad, dóthain fuinnimh agus spreagtha a fhágáil go mbeidh tú sásta tabhairt faoi arís an lá dár gcionn. Ritheann sé liom go bhfuil an botún seo déanta go minic agam le nach mór ceithre bliana anuas, ag fanacht ró-fhada ag an deasc, ag streacailt le gnéith éigin, nuair b’fhearr é a fhágáil, briseadh a ghlacadh, m’anáil a tharraingt, mo scíth a ligean agus tabhairt faoi arís an lá dár gcionn le fuinneamh úr. Anois, nach bhfuil fágtha ach roinnt míonna tá sé in am tosú ar an “gcríoch ráibe” a luaitear sa bhlag. Ach, má tá rud amháin foghlaimthe agam ón snámh, agus go deimhin ón rith, fiú leis na babhtaí ráibe b’fhearr gan dul amach ró-thapaidh. Mar sin, cad í an chéad chéim eile? Plean a leagan amach don bhabhta deireanach seo. An luas a ardú, an tsúil a choinneáil ar an sprioc agus roinnt fuinnimh a choinneáil chun gur féidir liom críochnú go láidir.
Sink or swim…cuir cuma an mhisnigh ort féin
Advertisements
Pingback: Sink or swim…cuir cuma an mhisnigh ort féin | Thesis Talk / Trácht ar Thráchtais