Are we there yet? Ag teacht chun deiridh….ach liosta fada rudaí le déanamh

Is fada an lá ag teacht ach ar deireadh táim ag teacht i dtreo dheireadh an PhD. Níl fágtha ach coicís agam sula leagfaidh mé isteach dréacht iomlán den tráchtas. Roimhe sin, áfach, tá liosta mór fada de rudaí atá fós le déanamh agam. Cuireadh an blag seo mo threo ar maidin ina dtugann bean óg cuntas ar conas atá sise ag dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú sna seachtainí deireanacha.

Advertisements

Sink or swim…cuir cuma an mhisnigh ort féin

Lynch_Justin--Terrapins-Swim-Team-

Tá sé tamaill ó chaith mé súil ar an leathanach seo agus níos faide go fóill ó scríobh mé aon rud fiúntach. Ach, iarradh orm ar maidin cúpla focal a rá mar gheall ar an mblag agus an fáth ar shocraigh mé ar pháirt a ghlacadh ann an chéad lá riamh. Cuir sé sin ag smaoineamh mé agus an chéad rud a rinne mé, mar a dhéanaim go minic na laethanta seo nuair a bhíonn in amhras céard le déanamh, chuaigh mé caoldíreach go dtí Thesiswhisperer. An chéad rud a tharraing mo shúil nó an t-alt “Sink or swim” a foilsíodh ar an mblag sin le déanaí.
http://thesiswhisperer.com/2015/04/15/sink-or-swim/ Continue reading “Sink or swim…cuir cuma an mhisnigh ort féin”

An fiú an tairbhe an trioblóid?

Bhíos ag machnamh le déanaí ar an treo atá an ollscolaíocht ag dul. Chuir sé lagmhisneach orm a chloisteáil gur ar na foirgnimh nua ar fad a tógadh le bliain anuas a leagadh an bhéim ar fad ag searmanas bhronnadh na gcéim cúpla mí ó shin. Tar éis di 4 bliana a chaitheamh ag staidéar agus ag obair go dian chun PhD a bhaint amach bhí an-díomá ar chara liom nuair nár aithníodh an iarracht seo ag an searmans. Níor luadh fealsúnacht an oideachais go ginearálta fiú ag an ócáid. Anuas ar an easpa suime i gcúrsaí oideachais atá á léiríú ag údarás na hollscoile tá ceist mhór faoi dheiseanna fostaíochta. Fiú agus PhD, foilsiúcháin agus taithí teagaisc ag duine, níl aon chinnteacht ann go mbeidh obair ar fáil, gan trácht ar phost lán-aimseartha, go háirithe más bean tú. Fágann sé seo an cheist, an fiú an tairbhe an trioblóid?

Ní mé an t-aon dune atá ag cur na ceiste seo…. http://thesiswhisperer.com/2014/12/17/is-academia-really-worth-it/