Is fada an lá ag teacht ach ar deireadh táim ag teacht i dtreo dheireadh an PhD. Níl fágtha ach coicís agam sula leagfaidh mé isteach dréacht iomlán den tráchtas. Roimhe sin, áfach, tá liosta mór fada de rudaí atá fós le déanamh agam. Cuireadh an blag seo mo threo ar maidin ina dtugann bean óg cuntas ar conas atá sise ag dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú sna seachtainí deireanacha.