Skip to content

Sink or swim…cuir cuma an mhisnigh ort féin

by on April 17, 2015

Lynch_Justin--Terrapins-Swim-Team-

Tá sé tamaill ó chaith mé súil ar an leathanach seo agus níos faide go fóill ó scríobh mé aon rud fiúntach. Ach, iarradh orm ar maidin cúpla focal a rá mar gheall ar an mblag agus an fáth ar shocraigh mé ar pháirt a ghlacadh ann an chéad lá riamh. Cuir sé sin ag smaoineamh mé agus an chéad rud a rinne mé, mar a dhéanaim go minic na laethanta seo nuair a bhíonn in amhras céard le déanamh, chuaigh mé caoldíreach go dtí Thesiswhisperer. An chéad rud a tharraing mo shúil nó an t-alt “Sink or swim” a foilsíodh ar an mblag sin le déanaí.
http://thesiswhisperer.com/2015/04/15/sink-or-swim/
Ó tharla go bhfuilim féin ag snámh anois le roinnt seachtaine bhraithim go bhfuil an t-alt seo an-tráthúil ar fad. Cuirtear próiseas an PhD i gcomparáid le bheith ag foghlaim/cleachtadh snáimh. Aontaím le húdair an bhlaga go bhfuil an dá phróiseas an-chosúil lena chéile. Tar éis babhta fada snámh a dhéanamh ar maidin, is é an rud is mó a chuaigh i gcion orm faoin mblag ná an chomhairle a thugtar i dtaobh an fhad a chaitheann tú ag snámh/scríobh in aon bhabhta amháin. Meabhraítear ann an tábhacht atá le héirí as aon bhabhta ar leith sula mbíonn tú tugtha ar fad, dóthain fuinnimh agus spreagtha a fhágáil go mbeidh tú sásta tabhairt faoi arís an lá dár gcionn. Ritheann sé liom go bhfuil an botún seo déanta go minic agam le nach mór ceithre bliana anuas, ag fanacht ró-fhada ag an deasc, ag streacailt le gnéith éigin, nuair b’fhearr é a fhágáil, briseadh a ghlacadh, m’anáil a tharraingt, mo scíth a ligean agus tabhairt faoi arís an lá dár gcionn le fuinneamh úr. Anois, nach bhfuil fágtha ach roinnt míonna tá sé in am tosú ar an “gcríoch ráibe” a luaitear sa bhlag. Ach, má tá rud amháin foghlaimthe agam ón snámh, agus go deimhin ón rith, fiú leis na babhtaí ráibe b’fhearr gan dul amach ró-thapaidh. Mar sin, cad í an chéad chéim eile? Plean a leagan amach don bhabhta deireanach seo. An luas a ardú, an tsúil a choinneáil ar an sprioc agus roinnt fuinnimh a choinneáil chun gur féidir liom críochnú go láidir.

Advertisements

Leave a Reply / Fág teachtaireacht

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Eilís Ní Dhúill

Leata ar an bhfoghlaim / Life, learning and goals

Acceptable in the Eighties

A very unscientific attempt to go back in time

Alex Hijmans

Writer | Scríbhneoir | Schrijver | Escritor

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File Gaeilge | Irish language poet

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Nuacht agus Nótaí agus níos mó as Gaeilge

Is múinteoir Gaeilge mé...

Ní neart go cur le chéile.

patter

research education, academic writing, public engagement, funding, other eccentricities.

Urras Film nan Eileanan Beaga

Small Islands Film Trust

Black Irish Girl

Chronicling the journey from California to Ireland

The WordPress.com Blog

The latest news on WordPress.com and the WordPress community.

%d bloggers like this: