Ag déanamh moilleadóireachta…

Tuigim nach mé an duine is tapúla ar domhain i  mbun taighde nó scríbhneoireachta. Táimse an-tapaidh, áfach, ag ceapadh leithscéalta. Tá scil agam i gceapadh na leithscéalta – fágfaidh mé an t-alt sin atá le scríobh go dtí go mbeidh mo chuid smaointe curtha le chéile agam, go mbeidh an cupán tae ólta, go mbeidh an clár thart. Déanfaidh mé é nuair a bheidh an leabhar léite (nó faighte agam ar a laghad!), an tagairt chuí aimsithe, an tagairt eile a bhréagnóidh í aimsithe, na focail a dhéanfaidh an cur síos is iomláine ar an gcoincheap ceaptha agam…go dtí ar deireadh go mbeidh lá eile istigh. Ach, má leanaim ar an gcuí seo ní chríochnófar an tráchtas go brách. Tá sé in am teacht ar phlean….

Wikipedia
Wikipedia

Agus is é an plean atá ann, gach uair a bhuaileann fonn moilliú mé, gach uair a sílim go bhfuil gá dul agus leabhar a fháil, cupán tae eile a réiteach etc. táim chun teacht agus cúpla focal a scríobh anseo. Beidh a fhios ag an domhain mhór go bhfuilim ag cúlú ón obair arís. Tá súil agam go spreagfaidh an náire chun oibre mé. Beidh le feiceáil.

Is í an chéad cheist ná an ligfidh an náire dom é seo a fhoilsiú in aon chor…agus cén fhad a chuirfidh mé amú ag déanamh suas m’aigne. Seo linn….

Advertisements

Leave a Reply / Fág teachtaireacht

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s