Skip to content

Ag roghnú láthair le haghaidh agallaimh taighde

by on October 29, 2013

Tháinig an lá agus bhí mé réidh chun agallamh a chur ar dhuine den bheirt scannánóir a bhfuil staidéar á dhéanamh agam ar a shaothar scannánaíochta. Bhí idir sceitimíní agus faitíos orm. An gcuirfinn na ceisteanna “cearta”? An mbeadh fonn air labhairt liom in aon chor, nó an é go ndéarfadh sé leis féin “Seo chugainn duine eile den lucht acadúil, iad ag iarraidh staidéar a dhéanamh orainn”?

Bhí an lá, an t-am agus an seomra socraithe. Bhí na ceisteanna scríofa amach agam agus bhí dhá thaifeadán agam, ar fhaitíos go dteipfeadh ar an gcéad cheann. Agallamh fíorthábhachtach a bheadh san agallamh seo, dar ndóigh! Bheadh comhrá spreagúil doimhin againn a mhairfeadh an trathnóna ar fad. Bhuel, sin é mar a thit rudaí amach i mo chloigeann, pé scéal é. Bhí ábhar imní agam, ní raibh mé an-sásta leis an láthair a bhí socraithe don chruinniú, seomra ranga ar champus na Ceathrú Rua d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Ba é an t-agallaí a roghnaigh an áit. Mhol sé í toisc í a bheith “neodrach”. Ach, ní dóigh liomsa go bhfuil a leithéid agus áit “neodrach” ann, ar an gcaoi chéanna nach bhfuil taighde “oibiachtúil” ann. Is taighde soibiachtúil a bhíonn ann i gcónaí agus mar a chéile leis an áit seo. Bhí cúiseanna ar leith ag an aoí is dócha chun áit “neodrach” a roghnú. B’fhearr liom féin dá bhféadfainn bualadh leis ina theach féin ach ní raibh dóthain aithne agam air chun é sin a mholadh, is é sin, chun cuireadh a thabhairt dom féin isteach ina theach. Ní raibh mé an-sásta leis an láthair mar bheadh sé an-deacair é a dhéanamh compordach. Seomra ranga a bhí ann agus dá bharr bheadh sé ró-fhoirmeálta don chineál comhrá a bhí uaim. Pé scéal é, tar éis go leor cur agus cúiteamh faoi fhlascanna tae agus brioscaí a thabhairt liom, chuaigh mé ann ar deireadh gan liom ach an dá thaifeadán agus dhá bhuidéal uisce.

Ar shroichint an champuis, d’aimsigh mé an seomra, tharraing mé siar na cuirtíní chun solas an lae a ligean isteach agus chuir mé dhá chaothaoir ag an mbord, an dá cheann ba chompordaí a bhí sa seomra. Chuir mé cathaoir dom féin ag an taobh caol den bhord agus ceann eile do m’aoi ag an taobh fada – is ag iarraidh ómós agus meas a léiriú dó a bhí mé nuair a thug mé an áit taobh thiar den bhord, áit a shuíonn an múinteoir go hiondúil,  nuair a roghnaigh mé an áit seo don aoí. Ansin, chuala mé é ag teacht agus amach liom. Bheannaigh mé dó agus thug mé cuireadh dó teacht isteach. Chun scéal fada a dhéanamh gearr, bhíomar i gcomhrá lena chéile ar feadh uair a’ chloig go dtí go raibh air imeacht chuig coinne dhochtúra. Gan féachaint ar mo chuid nótaí, rinne mé mo dhícheall smaoineamh ar na ceisteanna ar fad a theastaigh uaim a chur air. Ag an am céanna, bhí mé ag iarraidh é a chur ar a chompord agus tuilleadh cainte a mhealladh uaidh. Ar deireadh, ní hé go raibh mé an-mhí-shásta faoin méid eolais a d’éirigh liom a fháil, ach thuig mé go bhféadfadh sé bheith níos fearr.

Is cinnte go mbíonn an-tionchar ag an láthair a roghnaítear le haghaidh agallaimh ar an agallamh féin, ar cé chomh compordach is a bhíonn an aoí, agus tú féin mar agallóir agus dá réir ar chaighdeán an agallaimh féin. Cabhródh sé freisin dá mbeadh aithne aithne níos fearr agam ar an aoí roimh ré. Is cinnte sula chuireann agallamh ar an duine seo arís, nó ar dhuine ar bith eile, go ndéanfainn mo dhícheall breis aithne a chur air. Freisin, bhéinn níos cúramaí faoi roghnú an láthair. Ní mór a bheith dána uaireanta agus má bhraitheann tú nach mbeidh láthair a moltar oiriúnach, é sin a rá amach agus áit éigin eile a mholadh. Tá ceacht foghlamtha agam.

Scríobh mé amach mo chuid nótaí dialanna i dtaobh an chruinnithe a luaithe is a tháinig mé amach.  Anois, táim i mbun an tras-scríobh. Feicim go mbaintear úsáid as siombailí éagsúla chun an obair seo a dhéanamh. Táim ag tarraingt ar threoir a thug Dressler agus Kreuz in alt san iris Discourse Process (29, 1 (2000)) agus ag cur leis de réir mar is gá. Ba bhreá liom cloisteáil ó dhuine ar bith a mbíonn an córas seo in úsáid aige nó aici? Nó, an mbíonn córas eile in úsáid agat? Ba bhreá liom bhur gcuid tuairimí a chloisteáil.

Advertisements
Leave a Comment

Leave a Reply / Fág teachtaireacht

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s

Eilís Ní Dhúill

Leata ar an bhfoghlaim / Life, learning and goals

Acceptable in the Eighties

A very unscientific attempt to go back in time

Alex Hijmans

Writer | Scríbhneoir | Schrijver | Escritor

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

File Gaeilge | Irish language poet

Blag Gaeilge Iníon Uí Iarlaithe

Nuacht agus Nótaí agus níos mó as Gaeilge

Is múinteoir Gaeilge mé...

Ní neart go cur le chéile.

patter

research education, academic writing, public engagement, funding, other eccentricities.

Urras Film nan Eileanan Beaga

Small Islands Film Trust

Black Irish Girl

Chronicling the journey from California to Ireland

The WordPress.com Blog

The latest news on WordPress.com and the WordPress community.

%d bloggers like this: