Ag siúl sna sléibhte – PhD Guilt

Binn Ghuaire (Diamond Hill), Leitir Fraic, Conamara Bíonn sé deacair uaireanta na leabhair a fhágáil ar leataobh agus dearmad a dhéanamh ar obair an PhD. Tugaimid ‘An PhD guilt’ air go minic. Ach, tá sé tábhachtach sos a ghlacadh.Chuaigh mé féin agus cara liom siar go Conamara le déanaí. D’fhágamar an carr i gCloch na Rón agus chuamar ag rothaíocht siar, thar bhóthar an phortaigh go dtí an Clochán agus as sin go Leitir Fraic. Tá páirc náisiúnta álainn i Leitir Fraic le háiseanna iontacha. Tá caifé deas ann inar féidir do lóin a cheannach nó tá seomra bia ann inar féidir leat do lóin féin a ithe. Taobh amuigh sa chlós tá tuilleadh binsí agus os rud é go raibh an lá go deas shuíomar amuigh faoin ngrian ag caitheamh lóin. Ansin, dhreapamar suas go barr Binn Ghuaire (Diamond Hill). Tá radharc álainn amach ar Inis Bó Finne agus ar Inis Toirc ó bharr na sléibhe. Anuas arís, agus ar ais go Cloch na Rón thar bhóthar an chósta. Bhí an bealach ar ais beagáinín níos dúshláiní agus níos mó cnoic le dreapadh. Ach, tharla go raibh an ‘Tour the bog’ ar siúl an lá céanna. Chasamar le suas le céad duine, go leor leor páistí óga ina measc, ag rothaíocht as Cloch na Rón go Baile Conaola, thar bhóthar an phortaigh agus arais go Cloch na Rón. Bhí an-lá againn, b’amhail le seachtain saoire é. Is fiú go mór sos a ghlacadh ó na leabhair ó thráth go chéile agus dul amach faoin aer.

Advertisements

Leave a Reply / Fág teachtaireacht

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s